Engineers Ireland Lecture: “The Radio Universe: Astronomy at Long Wavelengths”

“An Chruinne Raidió: Réalteolaíocht ag Tonnfhaid Fhada” 

“The Radio Universe: Astronomy at Long Wavelengths”

le hAralt Mac Giolla Chainnigh, Royal Military College of Canada

Ó d’fhionnaigh Karl Jansky astúchán raidió ó fhoinsí neamhaí go luath sna 1930í, tá borradh tagtha ar réalteolaíocht raidió. Sa léacht seo, déanfar léargas ar an chruinne ag tonnfhaid raidió, agus ar an teicneolaíocht a dhéanann staidéar uirthi a éascú. Ina dhiaidh sin, pléifear tionscadal nua: Tionscadal Eagar an Chiliméadair Chearnógaigh (Square Kilometer Array Project). Ceaptar go mbeidh tionchar réabhlóideach ag an uirlis raidió seo ar ár dtuiscint ar roinnt mhaith de mhórmhistéirí na cruinne: cad é mar a thagann réaltraí chun cinn; cad is “Fuinneamh Dorcha” ann; an réitíonn timpeallachtaí ollréimsí domhantarraingthe de chuid na bpulsár agus na ndúpholl le Coibhneasacht Ghinearálta; cá as a dtagann ollréimsí maighnéadacha sa spás; cad é mar a chruthaíodh na chéad dúphoill agus réaltaí; an ann don bheatha in áiteanna eile sa chruinne? Pléifear ról na hÉireann san Eagar Ísealmhinicíochta (Low Frequency Array, LOFAR) san Eoraip chomh maith, cloch chora ar bhealach Eagar an Chiliméadair Chearnógaigh.

Láthair: 22 Br. Cluaidhe, Baile Átha Cliath 4

Am: 19:30, Déardaoin 30ú Eanáir 2014

Since the discovery of celestial radio emission by Karl Jansky in the early 1930s, radio astronomy has grown dramatically. This talk will provide an overview of the universe at radio wavelengths, and the technology that has facilitated its study. A new project will then be discussed: the Square Kilometre Array. This radio instrument promises to revolutionize our understanding of many of the great mysteries of the universe: how do galaxies evolve; what is Dark Energy; are the strong-field environments of pulsars and black holes consistent with General Relativity; what generates giant magnetic fields in space; how were the first black holes and stars formed; is there life elsewhere in the universe? Ireland’s role in the Low Frequency Array (LOFAR) in Europe, a stepping stone to the Square Kilometer Array, will also be discussed.

Venue: 22 Clyde Road, Dublin 4

Time: 19:30, Thursday, 30 January 2013 

An t-Aoichainteoir: Aralt Mac Giolla Chainnigh

Dr Aralt Mac Giolla Chainnigh, Ollamh Taca i Rannóg na Fisice i gColáiste Ríoga Míleata Cheanada (Royal Military College of Canada), Kingston, Ontario. Baineann a chuid taighde le múnlú timpeallachtaí im-réaltaí (Réaltaí Siombóiseacha, Dé-réalta X-ghathacha), in astúchán raidió. Ó thaobh réaltléimh de, bhain sé úsáid as mór-eagair an domhain, mar shampla: Very Large Array (Meicsiceo Nua), Eagar MERLIN (Ríocht Aontaithe), Teileascóp na hAstráile (an Astráil), agus Trasnamhéadracht Ollbhunlíne (Very Long Baseline Interferometry). Is gníomhaí teanga i ndomhan na Gaeilge é an Cainneach fosta, agus é mar chathaoirleach ar choistí stiúrtha de chuid Ghaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir agus Oireachtas Gaeilge Cheanada.

The Speaker: Dr. Aralt Mac Giolla Chainnigh

Dr. Aralt Mac Giolla Chainnigh, is an Adjunct Professor in the Department of Physics at the Royal Military College of Canada, Kingston, Ontario. His research has involved the modelling of the circumstellar environments of Symbiotic Stars, and X-ray Binaries, in radio emission. Observationally, he has made use of many of the major interferometric arrays in the world, including the Very Large Array (New Mexico), the MERLIN Array (UK), the Australia Telescope (Australia), and Very Long Baseline Interferometry. Dr. Mac Giolla Chainnigh is also a primary promoter of the Irish language in Canada, chairing the governing bodies of Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir and Oireachtas Gaeilge Cheanada.

Treoracha/Directions: http://www.engineersireland.ie/about-us/contact/where-we-are/ 

Saor-chead isteach. Fáilte roimh chách.

Tuilleadh eolais ó: Diarmaid Ó Muirgheasa (diarmuid@domuircheasa.com) nó ó: Fionn Ó Muircheartaigh (fmurtagh@gmail.com).